Ruaille Buaille Achta na Gaeilge

irish-onlineMuirine Nic Róibín JF law

Ag líonadh na gceannlínte anseo is ansiúd i mbliana, ceist chigilteach agus achrannach is ea Acht na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann faoi láthair . Le hArlene Foster ag déanamh comparáid idir Gaeil an Tuaiscirt agus crogaill santacha, ní haon ionadh é ach go bhfuil cainteoirí Gaeilge na Poblachta ag cur le céile lena gcomrádaithe ó thuaidh chun troid ar son cearta teanga. ‘An Dream Dearg’ a thugtar orthu go léir, agus seans mór go bhfaca tú an ciorcal bán ar chúlra dearg ag leathnú ar fud na meán shóisialta i measc na nGaeilgeoirí. Ach cad go díreach é Acht na Gaeilge? Cad iad na himpleachtaí a bhainfeadh leis dá gcuirfí i bhfeidhm é? Ar oibrigh achtanna teanga i dtíortha eile – san Albain agus sa Bhreatain Bheag mar shampla? Agus an cheist is mó agus is casta – an mbeidh an caismirt atá ceangailte leis an acht seo fiúntach san fhadtréimhse?

Cad é Acht na Gaeilge?

I dtosach báire – cad é Acht na Gaeilge? Is acht teanga é atá á lorg ag na mílte daoine i dTuaisceart Éireann a labhraíonn an Ghaeilge, a thugann tacaíocht nach beag di, a fhoghlaimíonn faoin domhan inti, agus pobal a bhfuil fás millteanach tagtha uirthi le blianta beaga anuas (meastar i gceann seacht bliana go mbeidh dúbail ar an 6,000 duine a fhreastalaíonn ar an gcóras oideachais trí mheán na Gaeilge ó thuaidh).[1] Fuair an Ghaeilge aitheantas oifigiúil mar mhionteanga sa Tuaisceart sa bhliain 1998 le Comhaontú Aoine an Chéasta, ach tá comhionannas le Béarla ag teastáil ag lucht tacaíochta na teanga – cearta, cothromas, cóir an mana atá ón Dream Dearg. Gealladh in alt 28D i gComhaontú Chill Rímhinn go bhforbródh stráitéis chun forbairt na Gaeilge agus na hUltaise a fheabhsú agus a chosaint ach creidtear go ndearnadh faillí ar na forálacha sin.

Easaontas faoin Acht

Tá ceist an Achta Gaeilge ar an dris chosáin is mó maidir leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun Feidhmeannas Stormont a athbhunú agus ceist na reachtaíochta teanga mar ábhar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP. Tá an t-acht seo agus a fhorálacha i gcroílár na n-easaontuithe idir an DUP agus Sinn Féin i Stormont. Maíonn Sinn Féin nach rachaidh siad i gcumhacht leis an DUP gan acht Ghaeilge. Tá feachtas an Dream Dearg, ‘Acht Gaeilge Anois’ ag mealladh idir óg agus aosta chun geata Stormont, ag seasamh an fhóid ar son a gcearta. Tá na dá pháirtithe ceanndána, mí-ábalta teacht ar chomhréiteach maidir leis an acht agus dá bharr, tá an idirbheartaíocht ina stad glan. Meastar go bhfuil troid an achta Gaeilge ag cur riachtanais eile an phobail i nguais. Cé nach bhfuil Acht na Gaeilge an t-aon easaontú idir Sinn Féin agus an DUP (tá ceist an phósta chomhghnéis ann freisin), tá sé fós an bac is mó eatarthu.

Cruthaíodh an-chuid teannais agus coimhlint maidir leis an teanga agus a háit i sochaí an Tuaiscirt thar na blianta. Cé gur teanga do chách í, is é an fhadhb atá bainte léi ná go ndearnadh ‘peil pholaitiúil’ aisti ó thuaidh. Mothaíonn lucht mór daoine, go háirithe Protastúnaigh agus aontachtaithe gur seilbh í an Ghaeilge do na Caitlicigh agus na náisiúnaithe amháin – cé nach fíor é sin. Baineann Sinn Féin leas as an teanga chun lucht leanúna a mhealladh, ach cruthaíonn sé seo deighilt idir na pobail agus cruthaítear droch-dhearcadh roimh an teanga.

Dúirt an Ridire Roland Brimstone gur ‘tubaiste’ a bheadh ann dá dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach ó thuaidh. Chuir Brimstone i leith Shinn Féin go raibh ‘uirlis chatha pholaitiúil’ á déanamh den teanga acu. Dar le daoine áirithe ó Shinn Féin, cé go bhfuil an t-aighneas den chuid is mó faoin nGaeilge, is siombail é an t-achrann faoin acht den mheas atá ag teastáil ag na náisiúnaithe ó na haontachtaithe. Chuir Foster i leith Shinn Féin go raibh siad ag iarraidh na haontachtaithe a ‘uirísliú’ agus ionsaí a dhéanamh ar ‘shlí maireachtála na Breataine’. Tá na líomhaintí seo idir na páirtithe neamhriachtanach, an t-aon aidhm ann ná coimhlint a bhreoslú.

Feictear teangacha mar chuid de na boinn do neamh-idirdhealaithe i bhfeidhmiú cearta, mar a fheictear in Airteagal 14 den Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine. Ach fós, tá dímheas agus droch-dhearcadh don teanga léirithe ag roinnt figiúirí suntasacha an DUP – Sammy Wilson ag cur ‘Leprechaun Language’ uirthi agus Gregory Campbell ag magadh na teanga le ‘Curry my yoghurt, a can coca colyer’. Mar a thagair mé thuas, rinne Arlene Foster nasc idir Gaeilgeoirí ag iarraidh cearta teanga agus crogaill santacha ag iarraidh níos mó is níos mó bia. Comparáid mhaslach, mhíchothrom is ea í, a chruthaigh stoirm i measc phobail na Gaeilge agus sna meáin i gcoitinne. Stoirm as a n-eascraíodh fearg agus fíoch, agus a threisigh agus a bhreoslaigh an Dream Dearg. An mhí seo caite d’fhógair an DUP nach nglacfaidís le hAcht Gaeilge neamhspleách, agus tá rudaí thar n-ais ag an bpointe tosaigh.

Ó Thaobh an Dlí de

Tá Plécháipéis cuimsitheach foilsithe ag Conradh na Gaeilge i mí Iúil an bhliain seo caite, ag tabhairt eolas cruinn soiléir  maidir leis an reachtaíocht mholta atá ann. Ag briseadh síos impleachtaí an achta, leagan an Plécháipéis síos na 11 rannóg den acht. I measc na bpríomh-fhorálacha atá ag teastáil ná go bhfaighidh Gaeilge stádas céanna le Béarla, go mbeidh comharthaí dátheangach ar na bóithre, cosaint reachtúil a thabhairt don Ghaeloideachas, riar an cheartais (imeachtaí cúirte agus araile) ar fáil trí Gaeilge agus seirbhisí stáit eile.

Achtanna i dTíortha Eile

Conas a oibríonn achtanna teanga i ndlínsí eile? Tá sé luaite sa Phlécháipéis ó thuaidh go gcoimeádfaí na stráitéis sa Bhreatain Bheag, san Albain agus sa Phoblacht in aigne dá gcuirfí reachtaíocht don teanga i bhfeidhm. Feictear An Bhreatain Bheag mar dhea-shampla do mhionteangacha eile timpeall na cruinne toisc an rath a bhí ag an Welsh Language Act 1993 chun an Bhreatnais a chur chun cinn agus a chothú.[2] Labhraíonn 19% den daonra an Bhreatnais, dar leis an daonáireamh 2011. Cuirtear chun tosaigh an Bhreatnais i gcúrsaí oideachais, cúrsaí craolacháin, seirbhísí phoiblí, sa Rialtas agus i riar an cheartais sna cúirteanna. Tá rogha ag an duine dul os comhair na cúirte i dteanga a rogha. Ina theannta sin, táthar in ann teacht ar dhoiciméid agus ar fhoirmeacha dlíthiúla dátheangacha go furasta. Leis an reacht 2003, cuirtear dualgas diúltach ar Stát na Breataine Bige chun áiseanna a chur ar fáil d’úsáideoirí na teanga.

Meastar go gcaitear £150m in aghaidh na bliana chun an Bhreatnais a choinneáil beo agus seirbhísí a choimeád ar fáil do na cainteoirí – sin £2 an duine sa Ríocht Aontaithe má dhéantar an mata. Dar le plécháipéis Chonradh na Gaeilge, agus é ag bréagnú an maíomh go gcosnódh an t-acht £100m in aghaidh na bliana, ní bheadh ach ‘costas réasúnta’ le híoc chun an t-acht seo a chur i gcrích – £4m in aghaidh na bliana agus £9m mar chostas aon uaire.[3] Faoi láthair, tá deich oiread níos mó airgid caite ar sheirbhísí na Gàidhlige ar an BBC ná atá caite ar sheirbhísí na Gaeilge, in ainneoin go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ó thuaidh ná cainteoirí Ghàidhlige san Albain, dar leis an daonáireamh. Dá gcuirfí reachtaíocht i bhfeidhm, bheadh ar an BBC, maraon le comhlachtaí poiblí eile, a gcaiteachas ar sheirbhisí Gaeilge a mhéadú.

Bhí an-tionchar ag an reacht sa Bhreatain Bheag don reacht atá i bPoblacht na hÉireann faoi láthair – The Official Languages Act 2003. An scéal céanna atá ann san Albain freisin leis an Gaelic Language Act 2005 seachas nach bhfuil an ceart ann dul os comhair na cúirte ag labhairt na Gàidhlige. I gcás Ceanada, tá an Fhraincis agus Béarla ar an leibhéal céanna – stádas oifigiúil don dá cheann – a bhuí sin leis an Official Languages Act 1988. Toisc tír dhátheangach atá ann go hoifigiúil, tairgtear dreasachtaí do na seirbhísigh phoiblí nach bhfuil an dara teanga acu, chun an teanga eile a fhoghlaim. Sin ráite – tá codán i bhfad níos mó ag labhairt na Fraincise i gCeanada agus ag labhairt na Breatnaise sa Bhreatain Bheag ná atá ag labhairt na Gaeilge sa Tuaisceart. Sin an deacracht a bhaineann leis an acht – níl éinne cinnte conas a oibreodh sé mar níl aon chás go hiomlán céanna i ndlínse eile. Agus gan chinnteacht, tá sé níos deacaire tacaíocht a bhailiú agus é a chur i bhfeidhm.

Conclúid

Ní féidir teacht ar chonclúid faoin ábhar seo, seachas go bhfuil todhchaí an Tuaiscirt éiginnte. Ba chóir do Shinn Féin agus an DUP teacht ar chomhréiteach agus Feidhmeannas a athbhunú chomh luath agus is féidir ar mhaithe an phobail go léir. Táimse féin ar son na reachtaíochta, ach sílim gur chóir acht a bheith ann ar leas achan duine.

[1] Conradh na Gaeilge,  Plécháipéis ar Acht na Gaeilge (Conradh na Gaeilge 2017) <https://cnag.ie/images/Acht_Gaeilge_%C3%B3_Thuaidh/15M%C3%812017_Pl%C3%A9ch%C3%A1ip%C3%A9is_ar_Acht_Gaeilge_%C3%B3_Thuaidh.pdf> ar an 15ú Nollaig 2017 a osclaíodh.

[2] CF Huws, ‘The Welsh Language Act 1993: A Measure of Success?’, Language Policy, (2006) 5(1) 5:14. <https://doi.org/10.1007/s10993-006-9000-0> ar an 14ú Nollaig 2017 a osclaíodh.

[3] Conradh na Gaeilge,  Plécháipéis ar Acht na Gaeilge (Conradh na Gaeilge 2017) <https://cnag.ie/images/Acht_Gaeilge_%C3%B3_Thuaidh/15M%C3%812017_Pl%C3%A9ch%C3%A1ip%C3%A9is_ar_Acht_Gaeilge_%C3%B3_Thuaidh.pdf> ar an 15ú Nollaig 2017 a osclaíodh.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *