Drogall na gCúirteanna le Tuaisceart Éireann

drogall-na-gcuirteanna

Eoin O’Hare

SF Law and French


San aiste seo, beidh dearcadh na gcúirteanna ar dhá thaobh na teorann faoi chaibidil maidir le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann, agus scrúdofar an tionchar atá ag an stádas seo ar chinntí sna cúirteanna – anseo i gcomhthéacs Brexit.

I gcás McCord, rinneadh iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh na Ríochta Aontaithe i dtaobh Brexit. Bhí sé de rún ag an rialtas Lánrogha na Banríona a úsáid chun imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach a thosú faoi Airteagal 50 den Chonradh Liospóin.
Mar chuid den chás a bhí ag na héilitheoirí, dúradh nach féidir é seo a dhéanamh gan toiliú na parlaiminte. Go sonrach, dár leo, bhí cumas Lánrogha na Banríona sáraithe ag an Acht Um Thuisceart na hÉireann 1998, i gcomhar le hAontas na Cásca, an Aontas Briotanach-Éireannach agus le forálacha bunreachtúla eile. Ar mhaithe leis an aiste seo dírófar isteach ar ghné seo an cháis.

Is é croí na bhforálacha reachtúla seo ná nach dtiocfaidh aon athrú ar bith ar stádas bunreachtúil Thuaisceart na hÉireann gan toiliú a muintire. Chaith formhór na ndaoine i dTuaisceart na hÉireann vóta in éadan Brexit.
Dá dtarlófadh Brexit mar is ceart, áfach, bheadh níos mó ná toiliú mhuintir an Tuaiscirt de dhíth chun a stadás bunreachtúil a athrú. Bheadh ballraíocht an Aontais i gceist i gcás athaontú, agus mar sin bheadh toiliú na náisiún san AE de dhíth chun athrú ar bith a chur i bhfeidhm.
Mar sin de, de réir na néilitheoirí, téann sé seo in éadan na bhforálacha thuas, agus bheadh Brexit míbhunreachtúil i gcas Thuaisceart na hÉireann.

Ní cúis mhór iontais é gur diúltaíodh cás an éilitheora. De réir Maguire J, maidir le ceist na bhforálacha bunreachtúla, ní raibh aon dóigh ar bith le cumas an lánrogha a mheasú i gcomparáid le cumhacht reachtúil. Ní raibh an chúirt den bharúil gur sháraigh an tAcht an cumas lánrogha.
Ní mór an fianaise a deir go ndeachaigh an Chúirt go mór i ngleic leis an cheist seo mar is cóir i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann. Ní an-sásúil an anailís a dhéantar. Is freagra cosantach, chóir a bheith instinneach a thugtar.

Ach tá an easpa sásaimh seo mar chuid de théama atá feiceálach sna cúirteanna le blianta anuas, i dtús báire i gcomhthéacs na dTrioblóidí.

Sa chás Boland v An Taoiseach [1974], rinneadh agóid bhunreachtúil i gcoinne an Aontas Sunningdale. Dár leis an éilitheoir, dá nglacfadh an Stát leis an Aontas seo, bheadh sé ag aithint Tuisceart Éireann – os rud é nár aithin Airteagal 2 agus 3 den Bhunreacht go raibh stádas oifigiúl dlíthiúil ag Tuaisceart Éireann, bhí an Aontas Sunningdale míbhunreachtúil. Bhí sé ag aithint cheart na Ríochta Aontaithe leis an tuaisceart a rialiú, cé go raibh an ceart seo ag Rialtas na hÉireann de réir na nAirteagal luaite.

Diúltaíodh an t-éileamh seo san Ardchúirt. Gan dul i ngleic go cruinn leis an cheist í féin, bhí an Chúirt Uachtárach den bharúil nach raibh san Aontas ach ráiteas polasaí, agus go raibh sé seo faoi réim an Rialtais in ionad na gCúirteanna;

The Courts have no power, either express or implied, to supervise or interfere with the exercise by the government of its executive functions, unless the circumstances are such as to amount to a clear disregard by the government of the powers and duties conferred upon it by the Constitution” – Fitzgerald PB.

Tá an Chúirt anseo, agus í á cosaint taobh thiar de scaradh na gcumhachtaí, ag léiriú a dúnárasachta i gcomhthéacs stádas bunreachtúil Thuisceart Éireann.

Is suimiúil an toradh seo a chur i gcomparáid le Crotty v An Taoiseach [1974], nuair a fuarthas go raibh sé de chumas ag na Cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh ar chonradh idirnáisiúnta (an Ionstraim Eorpach Aonair). Níor cheap an Chúirt go raibh sé seo in éadan scaradh na gcumhachtaí in aon chor. Is suimiúil go mbaintear cinneadh iomlán difriúil amach ar an cheist seo, nuair nach bhfuil stádas Thuaisceart na hÉireann fá caibidil.

Chonacthas an dúnárasacht seo sa chás McGimpsey v Ireland [1990] freisin.
Arís, rinneadh agóid bhunreachtúil faoi Airteagal 2 agus 3, anois i gcoinne an Aontas Briotanach-Éireannach. Chreid na héilitheoirí, beirt pholaiteoir aontachtach, gur aitheantas go raibh stádas oifigiúil ag Tuaisceart na hÉireann a bhí san Aontas seo, díreach mar a bhí le Sunningdale.
Is Finlay PB a thug an príomhbhreithiúnas – dhiúltaigh sé an t-éileamh, ag rá nár aithin an tAontas ach an staid pholaitíochta de facto sa Tuaisceart. Ní ionann an Aontas seo leis an Ionstraim Eorpach Aonair i gcás Crotty, dár leis.
Arís, ní sásúil réasúnaíocht na cúirte anseo. Nach ndeachaigh an staid de facto seo in éadan an staid a bhí sonraithe i mBunreacht na hÉireann? Agus arís, dearbhaíonn an Chúirt a dearcadh i gcás an Tuaiscirt gan mórán réasúnaíochta taobh thiar di;

I have no doubt that there is a vast and determining difference between the provisions of this Agreement and the provisions of the Single European Act as interpreted by this Court in Crotty v. An Taoiseach.” Ní mhínitear an chonclúid seo níos sonraigh ná sin.

Ag glacadh an trí thoradh le chéile, tá drogall na gCúirteanna an-fheiceálach maidir le cúrsaí a bhaineann le stádas Thuaisceart na hÉireann. Tá ceist níos leathaine anseo, b’fhéidir, maidir le fadhbanna le dlí coiteann agus an neamhréir a thagann leis. Ach is ceist agus fadhb pholaitíochta níos sonraigh atá i gceist anseo – is tríd neamhchinnteacht an dlí choitinn a mbíonn na Cúirteanna á gcosaint féin ó chonspóid pholaitíochta i dtaobh Thuaisceart Éireann.

Más suimiúil torthaí na gCúirteanna Éireannacha a chur i gcomparáid lena chéile anseo – is suimiúla arís toradh na hagóide i gcoinne Brexit san Ardchúirt i mBéal Feirste a chur i gcodarsnacht le toradh an cháis chéanna san Ardchúirt Shasanach.

Sa chás seo, R (Miller) v Secretary of State for Exiting the European Union [2016], ní raibh le plé ach ceist amháin – ceist Lánrogha na Banríona maidir le hAirteagal 50.
Is í seo an cheist cheannan céanna a bhí le réiteach san Ardchúirt i mBéal Feirste – an t-aon difear amháin a bhí ann ná go raibh comhthéacs an Tuaiscirt agus a stádas bunreachtúil taobh thiar den dara cheann acu.

Agus is fíorshuimiúil, mar sin, gur toradh iomlán difriúil a bhí sa chás seo. Fuarthas go mbeadh toiliú na parliaminte de dhíth chun éirí as an Aontas Eorpach faoi Airteagal 50.
Gan bhrú ó chomhthéacs stáiriúil, nó conspóid pholaitiúil idir an dá sprioc bunreachtúil a stiúraíonn an saol i dTuaisceart Éireann, bhí an Chúirt anseo in ann a breithiúnas féin a dhéanamh agus réasúnaíocht soiléir a chur i bhfeidhm taobh thiar de.

Is ollmhór an difear a fheictear nuair a bhaintear comhthéacs an Tuaiscirt as ceist dhlí atá os comhair na gCúirteanna. Nuair a bhíonn an Tuaisceart agus a stádas bunreachtúil i gceist, bíonn meon cosantach ag na cúirteanna, agus bíonn siad sásta bundlí na tíre a sheachaint ionas nach gcuirfear isteach ar an staid de facto ar dhá thaobh na teorann. Caithfear a lua go bhfuil Airteagail 2 agus 3 de Bhunreacht na hÉireann, tar éis an Acht 1998, athraithe chun an fíorstaid a léiriú – ach tá drogall na gCúirteanna le linn na dTrioblóidí go fóill feicéalach, anois i gcomhthéacs Brexit. Ba cheart, de réir na haiste seo, go mbeadh sé de mhisneach iontu an dlí a léamh agus a chur i bhfeidhm mar is cóir.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *