An dTagann Ciall roimh Aois?

Paul Carey

Céad Bliain Dlí agus Fraincís | Bord Eagarthóireachta Sóisireach


 

Cloistear a lán caint faoi phósadh chomhgnéasach sa lá atá inniú agus an Reifreann beagnach linn, ach tabhsaítear domsa nach bhfuil a lán daoine ag plé an leasuchán eile – Aois Intofachta chun Oifig an Uachtaráin. Is léir go gcriedeann  a lán daoine nach cheist thábhactach í an cheist sin, ach in aineoinn é sin ceapaim go bhfuil píosa beag díospóireachta ag teastáil. Faoi láthair, is gá d’iarrthóirí uachtaránachta a bheith cúig blian is triocha d’aois, agus dá n-éireódh leis an Reifreann, athrífear an aois go haon bhlian is fiche d’aois. Cé go ndeireann an seanfhocal nach “feidir ceann críonna a chur ar cholainn óg”, ceapim féin go mba chóir dúinn a bheith ar son an athrú seo toisc go bhfuil sé daonlathach agus comhleanúnach.

Ar an gcéad dul síos, breathnaimís ar na dlíthe i dtíortha eile. Tá an cuma ar an scéal gurb í 35 an aois intofachta ina lán tíortha ar fud na cruinne – na Stáit Aontaithe, Meicsiceo, an Ostair is ar eile. Tá roinnt mhaith tíortha ann ina bhfuil an aois níos sine ná in Éirinn – mar shampla, sa Ghearmáin caithfidh an duine a bheith daichead bliain d’aois agus, creid é nó ná creid,  ach san Iodáil ní mór duit a bheith caoga blian d’aois. Cé go bhfuil aois iontafachta éigin ag an cuid is mó dena tíortha ina bhfuil Úactarán mar cheann stáit, ta cúpla éisceacht suntasach,  sa Fhrainc ach go háirithe. Ní chaithfidh tú a bheith ach ocht mbliana déag d’aois agus tú ag iarraidh a bheith i do uactaráin sa tír seo. Mar is eol dúinn, tá ról fíorthabhachtach ag Úachtarán na Fraince, i bhfad níos tabhactaí ná ár nÚactharán, agus fós creideann siad, go teoiriciúil, gur féidir le déagóir an post a dhéanamh. In aoineann an fhéidearthacht sin, bíonn formhór na nUachtarán sa tír sin níos mó ná leathchéad bliain d’aois agus is é Bonaparte, le daichead bliain caite aige, an uachtarán is óige riamh. Glacaimid a lán idéalí daonlathacha  óna Francaigh agus creidim féin go mba ceart an aois iontafacha a bheith ina measc.

Ach, an roghnóimís uachtaráin chomh óg sin dá mbeadh an seans againn? San olltoghchán Uachtaránch deirneach, b’é Sean Gallagher an iarrthóir ab óige – bhí sé naoi mbliain is daichead d’aois! Agus cheapadh go raibh sé i bhfíorthús a óige! Bheadh iontas an domhain orm dá gcuirfí duine le blian is fiche d’aois isteach san Áras – déanta na fírinne, déarfhainn go mbeadh sé dodhéanta. Mar sin, an bhfuil aon tábhactach ag baint leis an athrú? Bhuel, i mo thuairmse féin, tá gach aois a roghnofaí thar 21 saorthoilteanach – cad is cúis leis an aois 35? Cén fáth nár roghnaíodh 30? Tá a lán daoine sa tír leis an oilteacht a bheith ina n-uachtaráin nach bhfuil fós cúig bliain is triocha d’aois – Leo Varadkar, nó ár gcuid Ollamh David Kenny mar shampla. An cheart é nach mbéidís in ann a bheith ina iarrthóirí dá mbéadh olltagchán amárach? Credim nach ceart é, agus nach bhfuil aon chiall leis an aois randamach sin.

Thar aon rud eile, mholfainn dlí a dhéanamh den tairiscint seo toisc go leannan aithrithe tabhachtaí eile an leasuchán seo dá n-éireodh leis. Deirtear nach bhfuil suim mór ag daoine óga na hÉireann i gcúrsaí polaitíochta agus táthar ag súil go feicfear an athrú mar athrú dearfach i leith stádas na daoine óga. B’fhéidir go mbeidh reifreann eile amach anseo ar ábhair cosúla – ceapaim go mba chóir an aois vótálactha a laghdú go sé bhliain déag d’aois agus níos mó daoine óga a mhealladh sa ghairm bheatha. Is í 48.5 mean-aois na teachtaí dála in oifig, cé go bhfuil níos mó ná dhá thrian den daonra níos óige ná caoga bliain d’aois. Tuigim gurb í an cúis leis sin ná go bhfuil taithí an tsaoil ag teastáil do pholateoirí , ach ní thuigeann éinne fadhbanna na daoine óga ach na daoine óga iad féin. B’fhéidir go bhfuilim ag súil an iomarca as athrú beag, ach ní dhéanfaidh sé aon dhochar ag na abhair atá thuasluaite.

I ndeireadh na féile, táimse den tuairim go mba ceart go n-éiríonn leis an leasúchán sin toisc nach bhfuil aon cúis mhaith ann ina choinne. Is ábhar suarach í sin nuair a scrúdaitear í, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh a lán iarmairtí as sa todhchaí. Ar aon nós, ní bheidh mé ag iarraidh m’ainm a chur ar an bpáipéair ballóide i gceann trí bliaina, sin cinnte!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *