Am anois Deireadh a chur le Dlíthe Diamhasla na hÉireann?

Alastair Richardson

Céad Bliain Dlí agus Fraincís | Bord Eagarthóireachta Sóisireach


Tar éis na heachtraí úafáis a tharla sa Fhrainc ag tús na míosa, inar bhásaíodh seachtar duine déag tar éis ionsaithe sceimhlitheoireachta, bhí clampar mór ar fud an domhain faoi saoirse chainte. Nílim anseo chun a rá gur mise ‘Charlie’ nó a mhalairt. Táim i bhfábhar shochaí ina mhothaíonn gach duine saor, ach go mothaíonn siad go bhfuil meas acu fresin.

É sin ráite, ceapaim go bhfuil sé riachtanach tabhairt faoi dheara an méid coimhlint atá ann i measc pholaiteroirí go hidirnáisiúnta idir iad siúd ag teacht amach chun cosaint a dhéanamh ar an bprionsabail liobrálach seo agus a chuid eachtraí frithráiteacha. Bhí Barack Obama ag freastail ar an mórshúil i bPáras an tseachtain seo caite chun tacaíocht a thabhairt do shaoirse cainte. Bhí an fear céanna freagrach as an tréimhse phríosúnachta a rinne Abdulelah Haider Shaye mar gheall ar ráiteas a rinne sé faoi ionsaí Meiriceanach i Yemen. D’freastal Benjamin Nethanyahu ar an mórshúil, fear atá i gceannas tír inar bhfuair seisear iriseorí bás sa bhliain 2014. Bhi ár dTaoiseach féin ann. Tá súil agam nach dúirt sé rud ar bith leis na Francaigh faoi na dlíthe diamhasla atá ann sa tír seo.

Leiríonn Airteagal 40 Bhunreacht na hÉireann, inter alia, mar seo :

Aon ní diamhaslach nó ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris is cion inphionóis é de réir dlí.

Ón am a tharla na heachtraí sin, tá go leor daoine tar éis teacht amach i gcoinne na dlíthe atá ann sa tír seo ag cur cosc ar dhiamhasla. Caifimid aitheantas a thabhairt don an ráiteas ón Aire Talmhaíochta Simon Coveney a d’fhógair  go mbeidh reifreann ar an ábhar chomh luath agus is féidir, ach nach dtarlódh sé roimh an chéad toghchán eile. Ceapaim go bhfuil sé oiriúnach ceist a chur faoin Acht um Chlúmhilleadh a tháining i bhfeidhm sa bhliain 2009, a chur dlíthe diamhasla na tíre ar bhonn níos buaine. Ag an am sin, bhí brú curtha ar an tOireachtas reifreann a  reáchtáil ar an ábhar chun an airteagal a bhaint den Bhunreacht. Ach, ag an am sin, an tuar a bhí ann ná go mbéadh sé á eagrú ag an Rialtais níos déanaí, i gceann cúpla bhliain, mar bhí ar an rialtais aghaidh a tabhairt ar ábhair níos tábhachtaí: Bhí reifreann ag teacht ar cheartanna leanaí agus ar phá breithimh. Dúirt Fiona De Liondras san am nar ghá an foráil diamhasla a fhágáil amach ón reifreann sin. Ní raibh aon rud ag cur bac, dar léi, ar vóta a tabhairt don phobal ar na trí leasuithe ag an ám céanna.

Ach tá muid anseo anois arís, ag plé leis na dlíthe diamhasach céanna. Tá an foráil fós ann, in Airteagal 40. Gan an ionsaí mhór sceimhlitheoireachta, ní bhéimis ag iarraidh an cheist chasta seo a shoiléirú. Agus tá an Rialtas fós ag rá go mbeidh reifreann á reáchtáil acu, amach anseo. Tá siad ag rá an rud céanna agus a dúirt siad i 2009. Mar gheall ar an reifreann atá ag teacht ar phósadh chomhghnéas, ní bheidh aon rud eile ag dul os comhair na ndaoine. Tá mise chun an rud céanna a dúirt Fiona De Liondras a rá, go gcaithfidh an fhadbh seo a bheith réitithe chomh luath agus is féidir.

Mar tír iolraíoch, nua-aimseratha, is gá dúinn saoirse cainte a chaomhnú. Tá sé am anois deireadh a chur le dlíthe diamhasla na hÉireann. Ach ag an am céanna ba chóir go mbéadh meas againn ar dhaoine eile. Tá na focail de Kevin Hickey oiriúnach maidir leis seo:

‘Iarracht a dhéanamh béasa a bheith againn agus meas a bheith againn ar a chéile an chloch is mó ba cheart a bheith ar ár bpaidrín, tar éis gur daoine sinn agus go dteipfidh orainn sin a dhéanamh chomh minic céanna lena mhalairt.’

Aighnítear go bhfuil an ceart aige.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *